Donate
Join Now

Cuir aithne ar Holly

Ceannaire na nDaonlathaithe Sóisialta agus TD do Chorcaigh Thiar Theas í Holly Cairns.

Is í Holly an ceannaire páirtí is óige sa Dáil. Amhail go leor daoine eile ag an am, bhí ar Holly dul ar imirce tar éis na géarchéime airgeadais. D’oibrigh sí i seirbhísí míchumais thar lear sular bhog sí abhaile le dul i mbun oibre ar fheirm agus i ngnólacht a teaghlaigh.

Tar éis di dul i mbun feachtasaíochta go háitiúil leis an 8ú Leasú a Chúlghairm, sheas Holly sna toghcháin áitiúla in 2019. Bhain sí suíochán amach ar Chomhairle Contae Chorcaí le haon vóta amháin agus, in 2020, toghadh chun na Dála í.

Cuireann Holly a cuid tuairimí in iúl go neamhbhalbh paiseanta i ndíospóireachtaí sa Dáil, tugann sí an rialtas chun cuntais as an gcaoi nach féidir le glúin iomlán tithe dá gcuid féin a cheannach agus labhraíonn sí amach ar son cúiteamh níos cothroime dóibh siúd a tháinig slán as na hárais máithreacha agus naíonán.

Feirmeoir agus gníomhaí comhshaoil í Holly agus creideann sí go láidir gur gá an earnáil talmhaíochta a éagsúlú le bithéagsúlacht a chosaint, slándáil bhia a fheabhsú agus saol brabúsach a chinntiú d’fheirmeoirí na hÉireann.

Do na daoine a deir “Ní fiú vóta a chaitheamh”, “Tá siad go léir mar an gcéanna” agus “Ní athrófar rud ar bith”. Táim ag tnúth le bualadh libh. Táim ag tnúth le héisteacht libh. Táim ag tnúth le hÉirinn a athrú chun feabhais, le chéile.

Tosaíochtaí Holly

  • Gníomhú ar bhealach bríoch ar son na haeráide, agus prionsabail an Aistrithe Chóir mar bhonn faoi.
  • An méid tithíochta sóisialta agus inacmhainne atá á soláthar a mhéadú go han-mhór.
  • Saol inbhuanaithe brabúsach a chinntiú don earnáil feirmeoireachta.
  • Prótacal Roghnach an Choinbhinsiúin ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas a dhaingniú.
  • A chinntiú go gcuirtear Sláintecare i bhfeidhm go hiomlán.

Get in touch

holly.cairns@oireachtas.ie

086 361 5830

Dáil Éireann, Leinster House, Kildare Street, Dublin 2.

Make a Donation

Make a Donation

Help us fight for a more equal and progressive Ireland

Donate