Donate
Join Now

Cuir aithne ar Gary

TD do Bhaile Átha Cliath Láir é Gary Gannon. Ó chuaigh Gary isteach sa pholaitíocht tá sé ag díriú ar chomhionannas deiseanna a bhaint amach san oideachas, ar sheirbhísí leordhóthanacha a sholáthar dóibh siúd a dteastaíonn uathu iad, agus ar athnuachan ár bpríomhchathrach. San am sin, chaith sé 6 bliana ina chomhairleoir do Lár na Cathrach Thuaidh ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus bhí sé ina iarrthóir sna toghcháin Eorpacha. Bhí Gary i mbun feachtasaíochta ar son tascfhórsa trasroinne le breathnú ar na dúshláin atá le sárú i mBaile Átha Cliath, amhail coireacht, sábháilteacht, cultúr agus na healaíona. Tá sé ag labhairt amach le fada an lá freisin i gcoinne iarrachtaí Iosrael cinedheighilt a chur i bhfeidhm ar na Palaistínigh agus ar a dtalamh. Thar aon ní eile, creideann Gary sa dualgas poiblí; dar leis, ní féidir fíordhul chun cinn a dhéanamh gan cur le chéile.

Creidim gurb é is bunaidhm leis an bpolaitíocht ná an saol a dhéanamh níos fearr do chách, bíodh sin ó thaobh oideachais, sláinte, nó caighdeán beatha de.

Tosaíochtaí Gary

  • An tÍoschaighdeán Bunriachtanach Beatha (MESL) a bhaint amach do gach duine ach seirbhísí agus tacaíochtaí a sholáthar a chinntíonn gur féidir le gach duine maireachtáil le dínit.
  • Caighdeán an oideachais a sholáthraítear ar leibhéal na bunscoile agus na meánscoile a fheabhsú.
  • Rochtain ar institiúidí 3ú agus 4ú leibhéal a mhéadú.
  • Réitigh atá bunaithe ar an tsláinte a úsáid le handúil a chóireáil, seachas coirpigh a dhéanamh díobh siúd atá thíos léi.
  • Coireacht a laghdú trí shaghas ar leith de phóilíneacht chathrach ina ndírítear ar idirghníomhú agus ar chomhpháirtíochtaí pobail.
  • Bonneagar cultúrtha níos fearr a chruthú, lena n-áirítear spásanna taibhithe, spánanna amharc-ealaíon agus tríú háiteanna le haghaidh comhtháthú agus léiriú sóisialta.
  • Cosc a chur ar Éirinn comhaontuithe neamheiticiúla trádála a dhéanamh nó a choinneáil le haon stát a sháraíonn comhaontuithe ceart daonna, atá comhpháirteach i dtalamh a áitiú go neamhdhleathach, nó a chuireann cinedheighilt i bhfeidhm ar dhaoine eile.