Donate
Join Now

Cuir aithne ar Elisa

Is mise Elisa O’Donovan, an t-iarrthóir Dála leis na Daonlathaithe Sóisialta i gCathair Luimnigh, agus is comhairleoir do Chathair Luimnigh Thiar mé faoi láthair. Cónaím i Lár Chathair Luimnigh agus oibrím mar Theiripeoir Urlabhra agus Teanga. Toghadh faoi dhó mé le hionadaíocht a dhéanamh do mhuintir Chathair Luimnigh Thiar ar Chomhairle Contae Luimnigh. D’oibrigh mé roimhe seo le FSS, Headway, Cónaidhm na hÉireann um Míchumas agus le Mental Health Reform, agus is ball den Fhóram Sláinte Réigiúnach mé faoi láthair. Is féidir liom taithí na mblianta a chur ar fáil do Chomhairle Luimnigh mar oibrí cúraim sláinte ar an túslíne. Is aoibhinn liom a bheith ag rith, ag rothaíocht agus ag snámh, agus bím ag rith páirce Mhungairit beagnach gach maidin Shathairn. Bhunaigh mé #SwimableLimerick in 2017, tionscnamh le snámh sóisialta a chur chun cinn ar an tSionainn i gCathair Luimnigh. Tá dhá chat agam a fuair mé ó Tharrtháil Ainmhithe na Daoile – Mittens agus Socks. Tacaím go láidir leis an gcultúr agus leis na healaíona i Luimneach, go háirithe le hamharclannaíocht agus le cruthaitheacht i measc an aosa óig. Ba mhaith liom go mbeadh glór ionraic ag muintir Luimnigh i nDáil Éireann ar féidir leo muinín a bheith acu as – glór is eol dóibh a labhróidh amach ar son daoine sna pobail GO LÉIR, agus go háirithe ar son mhná Luimnigh, mar gheall nach bhfuil aon bhean ina hionadaí do Luimneach ar leibhéal náisiúnta faoi láthair. Ní bhíonn drogall riamh orm ceisteanna diana a chur, agus ní ligfidh mé síos sibh. Is féidir linn todhchaí gheal a chruthú do Luimneach le chéile.

Tá m’fhís do Luimneach an-soiléir. Is mian liom Luimneach a chruthú atá cothrom, cruthaitheach, faoi rath agus folláin. Is mian liom spásanna níos sábháilte a thógáil sa chathair agus sa chontae. Is mian liom tús áite a thabhairt do sheirbhísí agus d’áiseanna poiblí níos fearr chun gur féidir linn pobail láidre agus fholláine a thógáil.

Tosaíochtaí Elisa

  • Seirbhísí Poiblí – Tús áite a thabhairt d’infheistíocht i seirbhísí poiblí ardchaighdeáin le saol gach duine a fheabhsú.
  • Tithíocht – Pobail láidre a thógáil ina bhfuil tithíocht inrochtana agus áiseanna ardchaighdeáin.
  • Sláinte – Bearta coisctheacha sláinte poiblí chun tacú le daoine saol níos faide agus níos sláintiúla a mhaireachtáil.
  • Spásanna don Óige – Níos mó spásanna taobh istigh agus taobh amuigh a sholáthar do dhaoine óga.
  • Iompar – Infheistiú in iompar poiblí ar féidir le gach duine brath air.
  • Trédhearcacht – Oscailteacht agus cuntasacht sa saol poiblí a chur chun cinn.
  • Na hEalaíona agus an Cultúr – Maoiniú a mhéadú do na healaíona pobail agus do ghrúpaí cultúrtha.
  • An Comhshaol – Cáilíocht mhaith aeir agus uisce a chinntiú ar fud Luimnigh.
  • Dínit agus Meas – Pobal a thógáil ina gcaitear go cothrom le gach duine.

Get in touch

elisa.odonovan@socialdemocrats.ie

087 912 0231

Make a Donation

Help fund Elisa's election campaign

Help us fight for a more equal and progressive Ireland

Donate