Donate
Join Now

Cuir aithne ar Joan

Is í Joan Hopkins an t-iarrthóir Dála leis na Daonlathaithe Sóisialta i bhFine Gall Thoir agus is comhairleoir do Bhinn Éadair-Mhullach Íde ar Chomhairle Contae Fhine Gall í faoi láthair. Rugadh agus tógadh i dTuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath mé. Is aoibhinn liom an áit seo agus ní bheadh cónaí orm áit ar bith eile. Chaith mé fiche bliain ag obair san earnáil airgeadas agus tá céim mháistreachta bainte amach agam ó UCC. Oibrím faoi láthair mar Oifigeach Forbartha Pobail agus mar chomhairleoir ar Chomhairle Contae Fhine Gall. Tá mé an-tógtha leis an snámh san fharraige agus tacaím go paiseanta leis an dúlra agus leis an gcomhshaol. Chuir mé an chéad Tionscadal Athchóirithe Féir Mara riamh san AE ar siúl i gcomhar le Foras na Mara i nGaillimh, tionscadal arb aidhm leis a chion féin a dhéanamh lenár sráidbhailte a chosaint in aghaidh tuilte. Chuaigh mé leis an bpolaitíocht mar gheall go gcreidim gur féidir linn, agus gur gá dúinn, níos mó a dhéanamh leis an áit álainn seo, ár mbaile féin, a chosaint agus le saol gach duine a chónaíonn anseo a chosaint.

Tá mé ar bís aghaidh a thabhairt ar an dúshlán seo. Tá sé i gceist agam dul i mbun feachtais go bríomhar i measc an ghnáthphobail agus a bheith ag obair go dian dícheallach do mhuintir Fhine Gall Thoir i nDáil Éireann.

Tosaíochtaí Joan

  • Tithíocht Inacmhainne – Tithíocht inacmhainne ar cíos agus le ceannach a bhrú chun cinn.
  • Cúram Sláinte agus Oideachas – A chinntiú go soláthraítear go leordhóthanach cúram sláinte, cúram leanaí, tacaíochtaí measúnaithe agus teiripe, agus scoileanna.
  • Iompar Poiblí – An teacht ar iompar poiblí a fheabhsú, roghanna sábháilte rothaíochta agus siúil go dtí an DART san áireamh, agus bealaí bus níos fearr go dtí UCD agus DCU.
  • Seirbhísí Fóntais – Réitigh a lorg ar na bristeacha ar sheirbhísí ESB agus Uisce Éireann a tharlaíonn arís is arís eile.
  • Sábháilteacht Phobail – Fodhlíthe a chur i bhfeidhm ar thránna agus i bpáirceanna poiblí, agus níos mó Gardaí a bheith ar an tsráid.
  • Cosaint an Chomhshaoil – Córais dumhcha a chosaint agus creimeadh cósta a chosc le cosaint in aghaidh tuilte.
  • Spórt agus Caitheamh Aimsire – Áiseanna breise a thabhairt isteach le sláinte agus folláine a chur chun cinn.

Get in touch

joan.hopkins@cllrs.fingal.ie

Fingal County Council, County Hall, Main Street, Swords, County Dublin, K67 X8Y2

Make a Donation

Help fund Joan's election campaign

Help us fight for a more equal and progressive Ireland

Donate