Donate
Join Now

Cuir aithne ar Jen

Is mise Jen Cummins, an t-iarrthóir Dála leis na Daonlathaithe Sóisialta i mBaile Átha Cliath Theas-Lár, agus is comhairleoir do Lár Chathair Bhaile Átha Cliath Thiar Theas mé faoi láthair. Táim i mo chónaí sna Saoirsí le breis agus 20 bliain anuas le m’fhear céile agus mo cheathrar leanaí. Is as Bóthar an Chlochair agus Sráid Mhic Mhathúna do mo thuismitheoirí. Tá mo chroí istigh inár bpobal agus is mór an phribhléid dom ionadaíocht a dhéanamh daoibhse go léir ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Táim paiseanta faoin oideachas agus tá go leor de mo shaol caite agam ag troid ar son córas oideachais atá ionchuimsitheach, ar féidir le leanaí agus daoine óga é a rochtain go héasca agus a fhreastalaíonn ar a riachtanais.

Is é an t-oideachas an saothar saoil agam. D’oibrigh mé mar oibrí don ógra sna healaíona ógra sular thosaigh mé leis an ról atá agam faoi láthair. Táim ag tacú le fada le scoláirí i mo ról mar Chomhordaitheoir Chlár Críochnaithe Scolaíochta ‘Anseo’ Bhaile Munna, áit a n-oibrím le hocht scoil DEIS chun cabhrú le scoláirí lán a gcumais a bhaint amach. Chríochnaigh mé mo dhochtúireacht san oideachas le déanaí, a d’fhág níos tiomanta fós mé don chóras oideachais a athrú ó bhonn agus chun feabhais. Is é mo mhisean áit níos fearr agus níos cothroime le cónaí ann a dhéanamh de Bhaile Átha Cliath Theas-Lár. Caithfidh mé dúthracht le hathrú dearfach agus marthanach a bhaint amach dár bpobal agus dár dtír. Creidim go bhfuil na beartais, na daoine agus an paisean ag na Daonlathaithe Sóisialta leis an bhfís sin a fhíorú agus le lorg dearfach a mhairfidh i bhfad a fhágáil ar ár bpobal agus ár dtír.

Tosaíochtaí Jen

  • Ár gcóras tithíochta a athrú ó bhonn le tithíocht ardchaighdeáin a sholáthar ar chostas inacmhainne do chíosaithe agus do dhaoine atá ag iarraidh a n-áit chónaithe féin a cheannach.
  • Sláintecare a chur i bhfeidhm go hiomlán chun go mbeidh cúram sláinte inrochtana agus saor in aisce ag an bpointe rochtana agus nach mbraitheann sé ar an acmhainn a bheith agat íoc as.
  • Na hacmhainní a sholáthar do scoileanna lena chinntiú nach bhfágtar aon leanbh ar lár agus go mbíonn na háiteanna scoile agus na tacaíochtaí riachtanacha ag leanaí a bhfuil riachtanais bhreise acu.
  • Seirbhísí míchumais a sholáthar chun nach mbeidh stró ar theaghlaigh seirbhísí bunúsacha a fháil, cosúil le measúnú riachtanais, teiripí bunriachtanacha nó áit scoile.
  • Féachaint chuige go seasfaidh an chathair an aimsir trí chosaint cheart ar thuilte a sholáthar, níos mó spásanna glasa a chruthú, agus a bheith tiomanta do bheartais bhunathraitheacha aeráide.
  • Infheistiú in áiseanna pobail níos fearr, lena n-áirítear áiseanna spóirt, seirbhísí don ógra agus clóis súgartha ar ardchaighdeán.

Get in touch

jen.cummins@socialdemocrats.ie

087 164 4166

Make a Donation

Help fund Jen's election campaign

Help us fight for a more equal and progressive Ireland

Donate