Is mise Eoin Hayes, an t-iarrthóir Dála leis na Daonlathaithe Sóisialta i gCuan Bhaile Átha Cliath Theas, agus is comhairleoir do Chamaigh-Ráth Maonais mé faoi láthair. Tá cónaí orm in áit ar cíos ó thosaigh mé amach agus súil agam a bheith i m’úinéir tí amach anseo. Tá cur amach pearsanta agam ar an ngéarchéim thithíochta agus ar an tionchar millteanach a imríonn sé ar theaghlaigh agus ar dhaoine óga ar fud na cathrach. Sin ceann de na cúiseanna is mó a mbeidh mé ag seasamh san olltoghchán. Cónaím i mBaile Átha Cliath 6 le mo chéile agus oibrím mar shainchomhairleoir a chabhraíonn le gnólachtaí beaga fás. Is céimí de chuid Scoil Ghnó Londan mé agus táim paiseanta faoi dheiseanna geilleagracha a chruthú do gach duine. Is iontach an tír í Éire, lán le daoine iontacha, ach caithfidh an pholaitíocht in Éirinn a bheith níos cróga. Creidim go bhfuil bealach níos fearr ann leis an tír a stiúradh agus na fadhbanna is práinní a réiteach, agus tá caighdeán beatha tuillte ag gach duine againn atá chomh maith céanna le haon tír Eorpach eile – seirbhísí poiblí den scoth, bonneagar nua-aimseartha ar a ndéantar cothabháil mhaith, gnólachtaí beaga faoi rath, agus cathair shábháilte. Má aontaíonn tú leis sin, bí páirteach inár bhfeachtas.
Caithfidh an pholaitíocht in Éirinn a bheith níos cróga. Creidim go bhfuil bealach níos fearr ann leis an tír a stiúradh agus na fadhbanna is práinní a réiteach, agus tá caighdeán beatha tuillte ag gach duine againn atá chomh maith céanna le haon tír Eorpach eile.