Donate
Join Now

Cuir aithne ar Shinéad

Is mise Sinéad Gibney, an t-iarrthóir Dála leis na Daonlathaithe Sóisialta i mBaile Átha Cliath-Ráth an Dúin. Ba mise Príomh-Choimisinéir Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas go dtí le déanaí. Rinne mé an fheidhm freagrachta sóisialta corparáidí a bhunú agus a stiúradh do Google Ireland freisin. Thóg mé m’iníon aníos mar thuismitheoir aonair agus táim pósta anois le mo chéile iontach, Mark. Sheas mé sna Toghcháin Eorpacha le déanaí mar iarrthóir na nDaonlathaithe Sóisialta i mBaile Átha Cliath. Ba mhaith liom mo thaithí go léir a úsáid le hionadaíocht a dhéanamh do mhuintir Bhaile Átha Cliath-Ráth an Dúin i dTeach Laighean. Tá mé ar bís go mbeidh duine de na Daonlathaithe Sóisialta ar do bhallóid den chéad uair san olltoghchán atá ar na bacáin. Creidimid, mar pháirtí, in Éirinn ionchuimsitheach, chothrom agus chóir, ina dtugtar tús áite do dhínit, do mheas agus do chomhionannas torthaí.

Rinne mé an cinneadh dul leis an bpolaitíocht mar gheall go gcreidim gur cheart go mbeadh díon os cionn gach duine, gur cheart go dtabharfaí aire dúinn nuair a bhímid breoite, agus gur cheart go dtabharfaí tacaíocht dúinn nuair a bhíonn sí de dhíth orainn, gan aird ar acmhainn.

Tosaíochtaí Shinéad

  • Cothroime Gheilleagrach – Baile Átha Cliath níos cothroime a chruthú, inar féidir le daoine teacht ar obair mhaith agus ar áiteanna cónaithe maithe.
  • Tithíocht – Clár tithíochta inacmhainne le níos mó tithíocht inacmhainne a sholáthar i mBaile Átha Cliath.
  • Slándáil – Riail an dlí a chosaint, agus dul i mbun bearta láidre in aghaidh iad siúd a bhagraíonn uirthi, agus neodracht na hÉireann á cosaint ag an am céanna.
  • An Aeráid – Gníomhú ar son na haeráide le breoslaí iontaise a fhágáil inár ndiaidh agus le deiseanna a bhaineann le haistriú cóir a thapú.
  • Cearta Oibrithe – Bearta dearfacha a úsáid le cearta oibrithe a chur chun cinn.
  • Comhionannas – Seasamh le cearta daonna agus le cosaintí do ghrúpaí mionlaigh, daoine faoi mhíchumas, daoine LADTAI+, agus mionlaigh eitneacha ina measc.

Make a Donation

Help fund Sinéad's election campaign

Help us fight for a more equal and progressive Ireland

Donate