Donate
Join Now

Cuir aithne ar Ross

Is mise Ross O’Mullane, an t-iarrthóir Dála leis na Daonlathaithe Sóisialta i mBaile Átha Cliath Thiar Theas. Táim paiseanta faoinár gcuid bheag de Bhaile Átha Cliath a dhéanamh ina áit iontach le cónaí ann, áit a mbeadh fáil ar thithíocht inacmhainne, iompar poiblí éifeachtúil agus spásanna glasa comhroinnte ina bhféadfadh pobail teacht faoi bhláth. Is mian liom mo chion féin a dhéanamh le sochaí a chruthú ina dtugtar deis chothrom do gach duine, ar phláinéad ar a mairimid uile go hinbhuanaithe. Rugadh agus tógadh i Ráth Fearnáin mé, agus bhí áit ar cíos agam i dTeach Pháirc na dTor ar feadh na mblianta. Bhí an t-ádh liom teach a cheannach i mBaile Pheire in 2018. Tá an-chur amach agam ar an toghcheantar – tuigim cás daoine agus tuigim na fadhbanna atá sa cheantar. Ó thaobh cúrsaí gairme de, tá mé ag obair sa mhargaíocht dhigiteach do roinnt de na brandaí is mó le rá in Éirinn le 25 bliain anuas. Is mian liom an taithí sa saol sin a chur i ngníomh anois i saol polaitíochta na hÉireann. Sheas mé i bhfothoghchán in 2009 sa cheantar agus bhí mé páirteach i roinnt mhaith feachtas agus grúpaí daonlathais ó shin. Is cógaiseoir í mo bhean chéile, Emma, i mBaile Pheire, agus freastalaíonn ár leanaí ar scoileanna áitiúla. Cosúil le go leor agaibh, tugaimid faoi go leor gníomhaíochtaí teaghlaigh ag an deireadh seachtaine—peil Ghaelach, snámh, siúlóidí i bPáirc Thigh Motháin, i bPáirc na dTor, nó ar Shléibhte Bhaile Átha Cliath, na béabhair nó na gasóga. Déanaimid glantacháin sráide in amanna leis an gCumann Cónaitheoirí áitiúil, leis, rud a chuir mé ar bun le cónaitheoirí eile anuraidh.

Creidim go docht daingean gur féidir linn Baile Átha Thiar Theas a dhéanamh chomh maith céanna le haon bhruachbhaile eile is cuma cá bhfuil sé, ach beidh cur chuige úrnua ag teastáil agus caithfear dul i gcoinne smaointeoireacht shrianta. Tógaimis an todhchaí seo le chéile.

Tosaíochtaí Ross

  • Tithíocht – Tithíocht inacmhainne a sholáthar ach 135,000 áit chónaithe phoiblí a thógáil, feabhas a chur ar chosaintí do chíosaithe, agus cánacha a mhéadú ar áiteanna cónaithe folmha agus ar chreach-chistí.
  • Tacú le Teaghlaigh – Tacú le teaghlaigh atá ag obair ach teorainn a chur le táillí cúraim leanaí, saoire thuismitheoireachta a mhéadú, scolaíocht saor in aisce a chinntiú, costais fuinnimh a fhóirdheonú, agus dul i ngleic le cairtéil árachais.
  • Cuntasacht – Cuntasacht a chinntiú ach gníomhaireacht neamhspleách in aghaidh caimiléireachta a bhunú, brath ar shainchomhairleoirí a laghdú agus brústocaireacht a athchóiriú ar mhaithe le trédhearcacht fheabhsaithe.
  • Bonneagar agus Iompar – Iompar a fheabhsú le seirbhísí iarnróid agus bus níos fearr, táillí a laghdú agus spásanna agus bonneagar poiblí a fheabhsú.
  • Cúram Sláinte – Cúram sláinte inrochtana den chéad scoth a sholáthar ach dlús a chur le Sláintecare, infheistiú i seirbhísí míchumais agus an buiséad meabhairshláinte a mhéadú faoi dhó.
  • An Aeráid – €5 billiún a infheistiú i gciste bunathraithe aeráide le díriú ar fheirmeacha gaoithe amach ón gcósta agus le rolladh amach grianphainéal a mhéadú chuig 100,000 áit chónaithe sa bhliain.

Get in touch

ross.omullane@socialdemocrats.ie

087 908 5067

Make a Donation

Help fund Ross's election campaign

Help us fight for a more equal and progressive Ireland

Donate