Is mise Niall McCreanor, an t-iarrthóir Dála leis na Daonlathaithe Sóisialta i Lú.
Is ball díograiseach de na Daonlathaithe Sóisialta mé agus caithim dúthracht le hathrú chun feabhais a bhaint amach. As Baile Átha Fhirdhia ó dhúchas mé agus cónaí anois orm i nDún Léire le mo theaghlach, tá dlúthbhaint agam le huaillmhianta an phobail.
Tá mé ag obair go tréan ar son an pháirtí leis na blianta, lena n-áirítear trí bliana mar Chathaoirleach Chraobh Lú, agus tuiscint iomlán anois agam ar éiteas agus ar bheartais an pháirtí. Idir thithíocht inacmhainne, chúram sláinte inrochtana agus tacaíocht chomhionann oideachais do leanaí a bhfuil riachtanais bhreise acu, tá léirithe arís agus arís eile agam cé chomh tiomanta is atá mé d’fholláine an phobail seo.
Mar léachtóir in Institiúid Breisoideachais Dhroichead Átha agus mar dhuine atá páirteach i roinnt tionscnaimh fuinnimh in-athnuaite, tá an-chur amach agam ar riachtanais na n-óg agus tá mé tiomanta do réitigh inbhuanaithe. Bí liom le tairbhe a bhaint as mianach Chaisleán Bhaile Átha Fhirdhia, Stáisiún Traenach Dhún Léire a athoscailt, aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim thithíochta agus an phríomhshráid a athbheochan. Le chéile, déanaimis pobal a mhúnlú atá bunaithe ar phrionsabail an daonlathais shóisialta ó thaobh cothroime, ceartais agus aontachta de. Spreagfaidh do thacaíocht athrú dearfach i dToghcheantar Bhaile Átha Fhirdhia agus do na daoine go léir atá ag cur fúthu anseo.
Seasaim ar son pobal ina bhfuil tábhacht le gach guth agus ina spreagann cothroime, ceartas agus aontacht ár ndul chun cinn. Cuirimis le chéile le saol níos fearr a bhaint amach i mBaile Átha Fhirdhia.