Is mise Ciarán McCarthy, an t-iarrthóir Dála leis na Daonlathaithe Sóisialta i gCorcaigh Thuaidh-Lár.
Tá cónaí orm i mBaile an Chollaigh le mo theaghlach. Oibrím mar abhcóide agus mar léachtóir ag MTU agus UCC. D’fhóin mé roimhe seo ar muir sa chabhlach trádála agus sa tSeirbhís Cabhlaigh. D’oibrigh mé go gníomhach ar roinnt mhaith saincheisteanna áitiúla le blianta beaga anuas, agus táim ag seasamh sa toghchán mar gheall gur cheart go mbeadh Cathair agus Contae Chorcaí ar na háiteanna is fearr dár leanaí le fás aníos iontu, ach ní mar sin atá sé faoi láthair.
Toisc an drochbhainistiú atá á dhéanamh ag an rialtas seo le roinnt blianta anuas, ní bheidh na deiseanna céanna ag ár gcuid leanaí agus a bhí againne chun bogadh amach agus a n-áit chónaithe féin a fháil ar cíos nó a cheannach. Is mór an náire an easpa rochtana ar sheirbhísí meabhairshláinte agus míchumais, agus an brú atá á chur ar theaghlaigh íoc as cúram príobháideach toisc na liostaí feithimh poiblí a bheith chomh fada sin.
Beidh sé mar thosaíocht ag na Daonlathaithe Sóisialta áiteanna cónaithe sóisialta agus inacmhainne nua a thógáil agus deireadh a chur le crá an dearóilithe. Teastaíonn infheistíocht agus athchóiriú ollmhór uainn ar na hearnálacha míchumais agus meabhairshláinte. Fadhbanna iad sin go léir is féidir a réiteach ach an rialtas a athrú – agus is mian liomsa a bheith páirteach san athrú sin.