Is mise Eibhlín Seoighthe, an t-iarrthóir Dála leis na Daonlathaithe Sóisialta i nGaillimh Thiar, agus is comhairleoir do Chathair na Gaillimhe Láir mé faoi láthair.
Caithim dúthracht lena chinntiú gurb í seo an chathair is fearr le cónaí inti.
Tá an chuid is mó de mo shaol caite agam i nGaillimh agus níor theastaigh uaim riamh a bheith i mo chónaí aon áit eile. Gach áit a dtéim, deirim le daoine le teann bróid gur Gaillimheach go smior mé. Ach níl sé éasca cónaí i nGaillimh i gcónaí. Níl sí mar a bhíodh agus níl sí mar ba chóir. Teastaíonn seirbhísí poiblí níos fearr uainn agus infheistíocht níos mó sna pobail, sa tithíocht agus sa bhonneagar iompair.
Go raibh maith agat as an deis a thabhairt dom an t-athrú a theastaíonn ó Ghaillimh a bhrú chun cinn.
Is ionann pobail agus daoine, agus is ar phobail a thógtar cathracha. Ba mhaith liom an chumhacht a thabhairt do gach aon duine gníomhú go mbeadh Gaillimh ar an gcathair is fearr le cónaí inti.