Is mise Ellen Murphy, an t-iarrthóir Dála leis na Daonlathaithe Sóisialta i mBaile Átha Cliath Thiar. D’fhás mé aníos i mBaile Átha Cliath 15 agus tá cónaí orm anseo an chuid is mó de mo shaol. Tá an gníomhaíochas go smior ionam, agus d’oibrigh mé mar eagraí ceardchumainn agus mar bhall den fheachtas náisiúnta ‘Le Chéile ar son Tá’ roimhe seo.
Bhí Baile Átha Cliath Thiar ina áit iontach riamh le cónaí ann agus le clann a thógáil, ach tá deireadh nach mór tagtha le tithíocht inacmhainne sa cheantar le glúin anuas.
Tá forbairtí tithíochta nua i bhfad ródhaor ar dhaoine agus is beag rogha a bhíonn ag go leor againn ach fanacht sa seomra leapa a bhí againn riamh i dteach ár dtuismitheoirí, nó bogadh amach ón gceantar.
Is deacra atá sé ag éirí cur fúinn inár gceantar dúchais mar gheall ar an mbrú atá ar áiteanna scoile, ar an easpa sárthacaíochta oideachais agus ar an infheistíocht ghann san iompar.