TD do Bhaile Átha Cliath Láir é Gary Gannon.
Ó chuaigh Gary isteach sa pholaitíocht tá sé ag díriú ar chomhionannas deiseanna a bhaint amach san oideachas, ar sheirbhísí leordhóthanacha a sholáthar dóibh siúd a dteastaíonn uathu iad, agus ar athnuachan ár bpríomhchathrach. San am sin, chaith sé 6 bliana ina chomhairleoir do Lár na Cathrach Thuaidh ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus bhí sé ina iarrthóir sna toghcháin Eorpacha.
Bhí Gary i mbun feachtasaíochta ar son tascfhórsa trasroinne le breathnú ar na dúshláin atá le sárú i mBaile Átha Cliath, amhail coireacht, sábháilteacht, cultúr agus na healaíona.
Tá sé ag labhairt amach le fada an lá freisin i gcoinne iarrachtaí Iosrael cinedheighilt a chur i bhfeidhm ar na Palaistínigh agus ar a dtalamh.
Thar aon ní eile, creideann Gary sa dualgas poiblí; dar leis, ní féidir fíordhul chun cinn a dhéanamh gan cur le chéile.
Creidim gurb é is bunaidhm leis an bpolaitíocht ná an saol a dhéanamh níos fearr do chách, bíodh sin ó thaobh oideachais, sláinte, nó caighdeán beatha de.
086 178 0149
Dáil Éireann, Leinster House, Kildare Street, Dublin 2.