Is mise Hilary Tonge, an t-iarrthóir Dála leis na Daonlathaithe Sóisialta sa Chlár. Cónaím in Inis agus tá mé ar bís go mbeidh mé i m’iarrthóir leis na Daonlathaithe Sóisialta san olltoghchán atá ar na bacáin. Oibrím le Comharghrúpa Ban na hÉireann (Women’s Collective Ireland), an Clár, agus is mise a bhunaigh Mol Ban ‘Mná ag Gáire’. Chomhbhunaigh mé Feachtas Ospidéal an Iarthair Láir freisin, atá ag troid ar son cúram sláinte níos fearr do gach duine agus rannóg éigeandála in Inis. Tá an iomarca daoine á bhfágáil ar lár de bharr seirbhísí poiblí a bheith spíonta agus an easpa infheistíochta atá á déanamh i dtithíocht inacmhainne. Teastaíonn go géar uaim go ndéanfaí beart le dul i ngleic leis an ngéarchéim in UHL, áit a mbraitheann 500,000 duine ar aon rannóg éigeandála amháin atá faoi bhrú iomarcach. Teastaíonn athrú ar chur chuige uainn go práinneach, agus is sinne, d’ionadaithe, a oibreoidh de lá agus d’oíche chun Contae an Chláir a dhéanamh níos cothroime agus níos ionchuimsithí. Creidim go bhfuil na beartais, na daoine agus an paisean ag na Daonlathaithe Sóisialta le lorg dearfach a mhairfidh i bhfad a fhágáil ar ár gcontae.
Chuaigh mé leis na Daonlathaithe Sóisialta le hobair i dtreo sochaí atá cothrom agus cóir. Ní mór dúinn go léir labhairt amach in aghaidh na deighilte atá á spreagadh acu siúd atá ag cur an mhilleáin ar fad as teip an rialtais ar imircigh. Níl Éire lán; níl ann ach nach bhfuil sí ag obair i gceart. Caithfimid ár ndícheall a dhéanamh níos mó idirghníomhú a spreagadh laistigh dár gcontae, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh an daonra éagsúil atá ag fás.