Donate
Join Now

Cuir aithne ar Holly

Ceannaire na nDaonlathaithe Sóisialta agus TD do Chorcaigh Thiar Theas í Holly Cairns.

Is í Holly an ceannaire páirtí is óige sa Dáil agus gan ach 33 bliain d’aois slánaithe aici. Amhail go leor daoine eile ag an am, bhí ar Holly dul ar imirce tar éis na géarchéime airgeadais. D’oibrigh sí i seirbhísí míchumais thar lear sular bhog sí abhaile le dul i mbun oibre ar fheirm agus i ngnólacht a teaghlaigh.

Tar éis di dul i mbun feachtasaíochta go háitiúil leis an 8ú Leasú a Chúlghairm, sheas Holly sna toghcháin áitiúla in 2019. Bhain sí suíochán amach ar Chomhairle Contae Chorcaí le haon vóta amháin agus, in 2020, toghadh chun na Dála í.

Cuireann Holly a cuid tuairimí in iúl go neamhbhalbh paiseanta i ndíospóireachtaí sa Dáil, tugann sí an rialtas chun cuntais as an gcaoi nach féidir le glúin iomlán tithe dá gcuid féin a cheannach agus labhraíonn sí amach ar son cúiteamh níos cothroime dóibh siúd a tháinig slán as na hárais máithreacha agus naíonán.

Feirmeoir agus gníomhaí comhshaoil í Holly agus creideann sí go láidir gur gá an earnáil talmhaíochta a éagsúlú le bithéagsúlacht a chosaint, slándáil bhia a fheabhsú agus saol brabúsach a chinntiú d’fheirmeoirí na hÉireann.

Do na daoine a deir “Ní fiú vóta a chaitheamh”, “Tá siad go léir mar an gcéanna” agus “Ní athrófar rud ar bith”. Táim ag tnúth le bualadh libh. Táim ag tnúth le héisteacht libh. Táim ag tnúth le hÉirinn a athrú chun feabhais, le chéile.

Tosaíochtaí Holly

  • Gníomhú ar bhealach bríoch ar son na haeráide, agus prionsabail an Aistrithe Chóir mar bhonn faoi.
  • An méid tithíochta sóisialta agus inacmhainne atá á soláthar a mhéadú go han-mhór.
  • Saol inbhuanaithe brabúsach a chinntiú don earnáil feirmeoireachta.
  • Prótacal Roghnach an Choinbhinsiúin ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas a dhaingniú.
  • A chinntiú go gcuirtear Sláintecare i bhfeidhm go hiomlán.

Get in touch

holly.cairns@oireachtas.ie

086 361 5830

Dáil Éireann, Leinster House, Kildare Street, Dublin 2.

Make a Donation

Make a Donation

Help us fight for a more equal and progressive Ireland

Donate