Donate
Join Now

Cuir aithne ar Jennifer

TD do Chill Mhantáin í Jennifer Whitmore.

Tá saineolas ag Jennifer ar an éiceolaíocht, an eolaíocht mhuirí agus an dlí comhshaoil agus creideann sí gur gá dúinn tabhairt faoi ghníomhú ar son na haeráide anois agus gur cheart dúinn gach uile dheis a thapú le hathrú dearfach a bhaint amach sa réimse seo.

Sula ndeachaigh sí leis an bpolaitíocht, chaith Jennifer deich mbliana san Astráil mar anailísí sinsearach beartais i dteannta airí rialtais, áit ar chaith sí a cuid ama ag forbairt dlí comhshaoil, beartas bainistithe uisce agus beartas fuinnimh. Chaith sí roinnt blianta freisin ag obair le Foras na Mara mar eolaí.

Ó toghadh Jennifer chun na Dála in 2020, tá béim leagtha aici ar an ngá atá le rialuithe níos fearr ar phraghsanna fuinnimh agus thacaigh sí le cosaintí níos fearr do theaghlaigh i mbaol bochtaineacht bhreosla.

Bhí sí ina Cathaoirleach ar Choiste an Oireachtais um Máthairionadaíocht Idirnáisiúnta agus d’éiligh sí seirbhís cúraim leanaí agus oideachais luath-óige a mhaoinítear go poiblí agus a fhreastalaíonn ar riachtanais tuismitheoirí, leanaí agus oideachasóirí araon.

Chuaigh mé leis an bpolaitíocht le hathrú a bhaint amach. Tá todhchaí gheal ghléineach i ndán d’Éirinn agus féidearthachtaí móra ann dúinn. Tá sé in am an t-athrú sin a dhéanamh anois.

Tosaíochtaí Jennifer

  • Gníomhú bríoch ar son na haeráide, agus prionsabail an Aistrithe Chóir mar bhonn faoi.
  • Beart a dhéanamh lenár mbithéagsúlacht a chosaint agus a fheabhsú.
  • Praghsanna fuinnimh a laghdú agus ár bhfoinsí fuinnimh a éagsúlú ach infheistíocht mhór a spreagadh san fhuinneamh gréine agus gaoithe amach ón gcósta.
  • Córas iompair phoiblí a thógáil a chuireann seirbhís rialta, iontaofa agus inacmhainne ar fáil.
  • Ár spriocanna aeráide a bhaint amach trí Aistriú Cóir.
  • Pleanáil leordhóthanach scoile a chinntiú.
  • Costas an chúraim leanaí a laghdú.

Get in touch

jennifer.whitmore@oireachtas.ie

085 173 8804

Dáil Éireann, Leinster House, Kildare Street, Dublin 2.

Make a Donation

Make a Donation

Help us fight for a more equal and progressive Ireland

Donate