Is í Joan Hopkins an t-iarrthóir Dála leis na Daonlathaithe Sóisialta i bhFine Gall Thoir agus is comhairleoir do Bhinn Éadair-Mhullach Íde ar Chomhairle Contae Fhine Gall í faoi láthair.
Rugadh agus tógadh i dTuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath mé. Is aoibhinn liom an áit seo agus ní bheadh cónaí orm áit ar bith eile. Chaith mé fiche bliain ag obair san earnáil airgeadas agus tá céim mháistreachta bainte amach agam ó UCC. Oibrím faoi láthair mar Oifigeach Forbartha Pobail agus mar chomhairleoir ar Chomhairle Contae Fhine Gall.
Tá mé an-tógtha leis an snámh san fharraige agus tacaím go paiseanta leis an dúlra agus leis an gcomhshaol. Chuir mé an chéad Tionscadal Athchóirithe Féir Mara riamh san AE ar siúl i gcomhar le Foras na Mara i nGaillimh, tionscadal arb aidhm leis a chion féin a dhéanamh lenár sráidbhailte a chosaint in aghaidh tuilte.
Chuaigh mé leis an bpolaitíocht mar gheall go gcreidim gur féidir linn, agus gur gá dúinn, níos mó a dhéanamh leis an áit álainn seo, ár mbaile féin, a chosaint agus le saol gach duine a chónaíonn anseo a chosaint.
Tá mé ar bís aghaidh a thabhairt ar an dúshlán seo. Tá sé i gceist agam dul i mbun feachtais go bríomhar i measc an ghnáthphobail agus a bheith ag obair go dian dícheallach do mhuintir Fhine Gall Thoir i nDáil Éireann.
Fingal County Council, County Hall, Main Street, Swords, County Dublin, K67 X8Y2