Donate
Join Now

Cuir aithne ar Ronan

Is mise Ronan Moore, an t-iarrthóir Dála leis na Daonlathaithe Sóisialta i Mí Thiar, agus is comhairleoir do Bhaile Átha Troim ar Chomhairle Contae na Mí mé faoi láthair.

D’fhás mé féin agus mo bhean chéile aníos sa Mhí. Athair mé le triúr leanaí, agus creidim in Éirinn inar féidir le gach leanbh áit chónaithe a bheith acu, a lánchumas a bhaint amach, agus todhchaí chothrom inbhuanaithe a bheith acu.

Tá mé ag obair ar son daoine eile leis na blianta. Tá Máistreacht san Fhorbairt Inbhuanaithe agam agus roinnt blianta caite agam ag obair go deonach agus thar lear le gníomhaireacht chabhrach. Tá mé ag múineadh in iar-bhunscoil san Uaimh le 15 bliana anuas agus mé fós ag obair go deonach le grúpaí a thacaíonn leis na teaghlaigh is mó atá i ngátar inár bpobal.

Má thoghtar mé, oibreoidh mé go dian ar do shon, coimeádfaidh mé ar an eolas thú, agus cinnteoidh mé go gcuirfear na nithe is údar imní duit in iúl sa Dáil.

Ní raibh an oiread seo airgid againn riamh mar thír, ach is minic nach gcaitear an t-airgead go stuama, cosúil leis na seideanna rothar agus an tOspidéal Leanaí. Ach tá géarchéimeanna sóisialta ag dul in olcas i gcónaí – tithíocht agus easpa dídine, an costas maireachtála agus neamhionannas. Déanfaidh mé mo dhícheall ar son mhuintir na Mí Thiar chun Éire níos fearr agus níos cothroime a chruthú.

Teastaíonn réitigh nua, fís níos fearr, agus maoirseacht cheart airgeadais uainn tar éis dúinn an rialtas céanna a bheith againn le 14 bliana anuas. Tá na beartais, na daoine agus an paisean ag na Daonlathaithe Sóisialta leis an bhfís sin a fhíorú agus le lorg dearfach a mhairfidh i bhfad a fhágáil ar ár bpobal agus ár dtír.

Tosaíochtaí Ronan

  • Níos mó áiteanna cónaithe inacmhainne ar féidir le daoine ar meánioncaim iad a cheannach.
  • Tús áite a thabhairt d’infheistíocht i seirbhísí poiblí ardchaighdeáin.
  • Plean Sláintecare a chur i bhfeidhm go hiomlán i dtreo córas uilíoch cúraim sláinte atá saor in aisce.
  • Uasteorainn €250 sa mhí a chur ar tháillí cúraim leanaí agus samhail phoiblí cúraim leanaí a thabhairt isteach.
  • Prótacal Roghnach Choinbhinsiún na NA ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas a dhaingniú gan a thuilleadh moille.

Get in touch

ronan.moore@socialdemocrats.ie

085 230 7682

Make a Donation

Help fund Ronan's election campaign

Help us fight for a more equal and progressive Ireland

Donate