Donate
Join Now

Cuir aithne ar Susan

Is mise Susan Doyle, an t-iarrthóir Dála leis na Daonlathaithe Sóisialta i gCorcaigh Thuaidh-Lár.

Is aturnae mé agus tá cleachtas agam i gCorcaigh. Tá beirt leanaí bunscoile agam. Bhain mé mo cháilíocht amach 12 bhliain ó shin agus thosaigh mé ag obair sa dlí tráchtála. D’oscail mé mo chleachtas féin bunaithe ar chearta daonna in 2019.

Tá ionadaíocht déanta agam ó shin i leith do go leor daoine i gCorcaigh Thuaidh Lár nach féidir leo teacht ar na seirbhísí míchumais agus meabhairshláinte a theastaíonn uathu. Rinne mé abhcóideacht freisin do dhaoine a chónaíonn i dtithíocht shóisialta neamhleor agus do dhaoine a cuireadh amach as a n-áit chónaithe gan áit ar bith eile le dul acu.

Is mian liom áit níos cothroime agus níos sábháilte le cónaí ann a dhéanamh de Chorcaigh Thuaidh-Lár, áit ar féidir le gach duine teacht ar na seirbhísí a theastaíonn uathu.

Cosúil leat féin, táim braon den rialtas a bheith ag cur amú airgid ar rudaí nach ndéanann difear ar bith do dhaoine. Ba mhaith liom go ndéanfaí níos mó infheistíochta i dtithíocht inacmhainne agus shóisialta agus i seirbhísí míchumais, meabhairshláinte agus sláinte.

Tosaíochtaí Susan

  • Seirbhísí Poiblí – Níos mó infheistíochta i seirbhísí poiblí, lena n-áirítear seirbhísí míchumas, seirbhísí meabhairshláinte agus ospidéil.
  • Tithíocht – Níos mó áiteanna cónaithe inacmhainne a thógáil lena ligean ar cíos agus lena ndíol, chomh maith leis an gcostas tithíochta a laghdú.
  • Forbairt Pobail – Pobail a fhás le háiseanna cosúil le clóis súgartha, páirceanna agus ionaid phobail.
  • Cúram Leanaí agus Oideachas – Infheistíocht a mhéadú i naíolanna poiblí agus i gcúntóirí riachtanas speisialta, chomh maith le deireadh a chur le táillí scoile.
  • An Aeráid – Dul i ngleic leis an athrú aeráide ach infheistíocht a dhéanamh in iompar poiblí, fuinneamh in-athnuaite inacmhainne agus scéimeanna iarfheistithe tí.

Get in touch

susan.doyle@socialdemocrats.ie

087 693 9635

Make a Donation

Help fund Susan's election campaign

Help us fight for a more equal and progressive Ireland

Donate