I’m Ronan Moore, the Social Democrats Councillor for Trim on the Meath County Council.
My wife and I grew up in Meath. I’m a father of three children, and I believe in an Ireland where all children can have a home, can realise their full potential, and have a fair, sustainable future.
I have spent a lifetime committed to working on behalf of others. I have a Master’s in Sustainable Development and have spent several years volunteering and working overseas with an aid agency. For the last 15 years I have taught in a post-primary school in Navan and continue to volunteer with groups that support families most in need in our community.
If elected, I will work hard on your behalf, keep you informed, and I will make sure that your concerns are raised in the Dáil.
As a country, we have never had greater wealth but from bike sheds to the Children’s Hospital, this money is often unwisely spent. Meanwhile, social crises worsen, from housing and homelessness to the cost of living and inequality. I am committed to working on behalf of the people of Meath West to create a better, fairer Ireland.
We need new solutions, greater vision, and proper financial oversight after 14 years of the same. The Social Democrats have the policies, people and passion required to deliver this and have a positive, lasting impact on our community and country.
Is mise Ronan Moore, an t-iarrthóir Dála leis na Daonlathaithe Sóisialta i Mí Thiar, agus is comhairleoir do Bhaile Átha Troim ar Chomhairle Contae na Mí mé faoi láthair.
D’fhás mé féin agus mo bhean chéile aníos sa Mhí. Athair mé le triúr leanaí, agus creidim in Éirinn inar féidir le gach leanbh áit chónaithe a bheith acu, a lánchumas a bhaint amach, agus todhchaí chothrom inbhuanaithe a bheith acu.
Tá mé ag obair ar son daoine eile leis na blianta. Tá Máistreacht san Fhorbairt Inbhuanaithe agam agus roinnt blianta caite agam ag obair go deonach agus thar lear le gníomhaireacht chabhrach. Tá mé ag múineadh in iar-bhunscoil san Uaimh le 15 bliana anuas agus mé fós ag obair go deonach le grúpaí a thacaíonn leis na teaghlaigh is mó atá i ngátar inár bpobal.
Má thoghtar mé, oibreoidh mé go dian ar do shon, coimeádfaidh mé ar an eolas thú, agus cinnteoidh mé go gcuirfear na nithe is údar imní duit in iúl sa Dáil.
Ní raibh an oiread seo airgid againn riamh mar thír, ach is minic nach gcaitear an t-airgead go stuama, cosúil leis na seideanna rothar agus an tOspidéal Leanaí. Ach tá géarchéimeanna sóisialta ag dul in olcas i gcónaí – tithíocht agus easpa dídine, an costas maireachtála agus neamhionannas. Déanfaidh mé mo dhícheall ar son mhuintir na Mí Thiar chun Éire níos fearr agus níos cothroime a chruthú.
Teastaíonn réitigh nua, fís níos fearr, agus maoirseacht cheart airgeadais uainn tar éis dúinn an rialtas céanna a bheith againn le 14 bliana anuas. Tá na beartais, na daoine agus an paisean ag na Daonlathaithe Sóisialta leis an bhfís sin a fhíorú agus le lorg dearfach a mhairfidh i bhfad a fhágáil ar ár bpobal agus ár dtír.